2017-08-19

Graifítí an Lae

Dá mhéid dlíthe agus srianta atá ann

is ea is boichte a bheidh na daoine.

Dá ghéire iad a gcuid arm

is ea is mo trioblóid a bheidh sa tír.

An Bealach (Dao)


Ar nós go leor ainrialaithe a tháinig ina ndiaidh, féachann na Daoigh ar an gcruinne agus í ag síorathrú. Staid is ea an réaltacht, staid atá ina próiseas, níl aon ní daingean. Chomh maith leis sin, tá coincheap dialachtaiciúil acu: athrú mar idirghníomhú idir fórsaí atá in aghaidh a chéile. Gabhann fuinneamh gan stad idir dhá mhol, yin agus yang. Ag an am céanna, cuirtear béim ar aontacht an nádúir agus gach rud ag teacht le chéile ann. Tá an nádur neamhspleách agus neamhchruthaithe; ní gá cruthaitheoir comhfhiosach a shamhlú. Is dearcadh é seo a mheabhródh an fealsamh Gréagach Heraclitus duit gan trácht ar an gcur síos ar an gcruinne a thugann an fhisic nua-aimseartha dúinn. An éiceolaíocht shóisialta nua-aimseartha a chuireann béim ar aontacht san éagsúlacht, fás orgánach agus ord nádúrtha, is léargas breise í ar chruinneshamhail na nDaoch.

Josh