2017-12-31

2017-12-30

Youngho Kang (2)

clapsholas . . .
cuimhne
ar mhianta doiléire


twilight . . .
obscure desires
remembered

2017-12-29

Graifítí an Lae

Tá a fhios againn cad a tharlaíonn do dhaoine a fhanann i lár an bhóthair.
Leagtar iad.

Ambrose Bierce

2017-12-27

Cad is fiú dom a bheith beo?

Cad is fiú dom a bheith beo?

Cad is fiú dom a bheith beo níos mó sa domhan braonach seo
Do b’fhearr bheith faoin bhfód ná bheith faoi bhrón
Do bhris an grá mo chroí, níl im' shaol ach brón

Is tú mo ghrá a stóirín bán, ach nílimse in ann tú ‘fháil
Do b’fhearr bheith faoin bhfód ná bheith faoi bhrón
Do bhris an grá mo chroí, níl im' shaol ach brón.

Para Que Quero Yo Mas Bivir

Para que quero yo mas bivir en este mundo.
Mejor es morir mas que sufrir,
dolores de amor vengo a sufrir.

Yo te amo de coraçon ma no te puedo alcançar.
Mejor es morir mas que sufrir,
dolores de amor vengo a sufrir.

2017-12-17

Tanka

a shearc
is dubh é mo chroí
cá bhfuil do ghuth
      do gháire
      níos gile ná an mhaidin

my love
there is a blackness in my heart
where is your voice
        your smile
        more radiant than morning

αγαπημένε
μαύρισε η καρδιά μου
πού είν΄η φωνή σου
       και το χαμόγελό σου
       πιο λαμπερά απ΄ τη μέρα

Grianghraf: Jason Symes

Tanka: Gabriel Rosenstock

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-12-16

Gealt le Parimal Hansda

Eight melancholic, introspective poems by Parimal Hansda on being a Santhal today

(aistrithe ón Santáilis go Béarla ag Hansda Sowvendra Shekhar)

Tá saol aige siúd leis agus gach a mbaineann leis sin
Lúcháir, áthas, dobrón - tá gach aon ní aige
Labhrann sé, gáireann sé, tagann goimh air
agus deineann go leor leor rudaí eile
nach eol d'éinne ach é féin amháin
Cónaíonn sé sna stáisiúin traenach agus stadanna bus
in Panskura agus Mecheda
Giobal éigin fáiscthe timpeall a choim
nach gcoinníonn an fuacht amach
Ní bhíonn de lón laethúil is dinnéar aige
ach fuílleach ríse ó bhialanna cois bóthair
Ní thuigeann na Dikus
rómhaith é
Mar nuair a labhrann sé, is Santáilis,
a theanga dhúchais, a labhrann
Agus nuair a bhíonn dóthain ina bholg aige
tosnaíonn sé ag canadh amhráin Baha agus Sohorai go sásta.

Buailim leis go minic ar mo shlí abhaile
ón oifig
Tógaim roinnt sóinseála amach as mo phóca -
Rúipí nó dhó - le tabhairt dó
Cuireann sé sin gliondar air agus ghealfadh sé do chroí
Bheith ag  breathnú air
Fiafraím de faoina bhaile dúchais
agus bíonn sé ag iarraidh cuimhneamh siar
ach seans nach cuimhin leis
Ach is cuimhin leis a bhean ceart go leor
A hainm ar a bheola
agus nuair a fhiafraímse de ina taobh, ar seisean
D'éalaigh mo bhean agus mac cheannaire an tsráidbhaile le chéile
agus radharc maith ag an domhan mór orthu.

2017-12-15

Jason Symes

faobhar an rásúir?
níl faic
le dul thairis

the razor's edge?
there is nothing
to pass over

2017-12-14

Bláthaíonn an Rós


Bláthaíonn an Rós

Bláthaíonn an rós sa ghairdín, i mí na Bealtaine,
Dorchaíonn m’anamsa, fuailingímse pian an ghrá,
Fulaingímse pian an ghrá.

Canann an filiméala, éist le hosna an ghrá
Tá an paisean do mo mharú, agus méadaíonn ar mo chrá
Agus méadaíonn ar mo chrá.

Tar níos sciobtha chugam, a stór
Níos sciobtha, bí lem’ thaobh
Níos sciobtha chugam, a ghrá dhil, mar táimse gar don bhás,
Mar táimse gar don bhás.

Bláthaíonn an rós sa ghairdín, i mí na Bealtaine,
Dorchaíonn m’anamsa, fuailingímse pian an ghrá,
Fulaingímse pian an ghrá.

La Rosa Enflorece

La rosa enflorece, en el mes de mayo
Mi alma s'escurece, sufriendo de amor
Sufriendo de amor

Los bilbílicos cantan, suspirando el amor
Y la pasión me mata, muchigua mi dolor
Muchigua mi dolor

Más presto ven palomba,
más presto ven a mí
Más presto tú mi alma, que yo me voy morir
Que yo me voy morir

La rosa enflorece, en el mes de mayo
Mi alma s'escurece, sufriendo de amor
Sufriendo de amor
Sufriendo de amor

2017-12-13

Frans Masereel. Le chat.

Frans Masereel. Le chat.
domhan na meánaicme…
braitheann an cat fiú
míshuaimhneach
world of the bourgeoisie…
even the cat
feels uneasy
monde de la bourgeoisie
même le chat
ne se sent pas à l'aise

Leagan Fraincise: Daniel Py
μπουρζουαζία…
ακόμη και η γάτα
νιώθει άβολα

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou
svijet srednje klase…
čak se i mačka
osjeća nemirnom

Helena Peričić a dhein an leagan Cróitise
the warl o toffs…
e'en bawdrons
is on nettles

John McDonald a dhein an leagan Béarla na hAlban
ブルジョワの世 
不安に感ず 
猫ですら 

Mariko Sumikura a dhein an leagan Seapáinise

2017-12-12

Amhrán Criogair

Haiku le Ludmila Balabanova ón mBulgáir


Leagan Béarla na hAlban: John McDonald
Leagan Gaeilge:  Gabriel Rosenstock

cricket song
a drop of autumn rain
in the cobweb

amhrán criogair –
braon de bháisteach an fhómhair
i nead damháin alla

charker sang
a drap o hairst weet
i the wab
sunset –
the shadows lay down
to rest

fuineadh gréine –
scáileanna ina luí
ag glacadh scíthe

day-set –
the sheddaes ligg doon
tae rist

motes in the sunbeam. Janet 45, Plovdiv, 2007


childhood –
my father teaching me
the constellations

óige –
na réaltbhuíonta á múineadh
ag m'athair dom

bairnheid –
ma faither learnin me
the constellations


poppies
the earth remembers
its heart of fire

cailleacha dearga  . . .
cuimhníonn an domhan
ar a chroí tine

puppies
the yirth minds on
its lowin hert


open window
a tear is about to jump
from the top floor

fuinneog ar leathadh  . . .
deoir ar tí léim
ón urlár uachtarach

apen winnock . . .
a tear's aboot
tae lowp frae the tap flair

sounds of war
my son playing
a computer game

glórtha cogaidh  . . .
cluiche ríomhaireachta á imirt
ag mo mhac

soonds o weir . . .
ma laddie daffin
it a computer gemme


sunflower field
the sun rooted
in the sky

gort lusanna gréine –
an ghrian fréamhaithe
sa spéir

sinflooer perk –
the sin ruitit
i the lift

the air between us
trembling . . .
dinner by candlelight

an t-aer eadrainn
ar crith . . .
dinnéar faoi sholas coinnle

the err atween us
trummlin...
denner bi caunlelicht

we share the moon –
the light part for you
the dark for me

an ghealach á roinnt againn  . . .
an chuid gheal duitse
an chuid dorcha domsa

we skair the muin . . .
the licht fir yersel
the derk fir me

distant night sounds...
is that cricket singing
from the moon?

fuaimeanna oíche i gcéin . . .
an ón ngealach é giolc
an chriogair?

far awa nicht soonds...
is yon charker chirmin
frae the muin?     

summer night
in the waterless river
ghosts of fish

oíche shamhraidh  . . .
abhainn gan uisce
taibhsí éisc

simmer nicht
i the drouthy wattercoorse
ghaists o fush


Viennese waltz –
a snowstorm
in a silver birch wood

válsa Víneach –
stoirm shneachta
i gcoill na mbeitheanna geala

Viennese waltz –
a yowdendrift
in a birkenshaw


beyond the equator –
there are other stars
in the sky

lastall den mheánchiorcal –
réaltaí eile
sa spéir

ayont the equator –
thare'r ither sterns
i the lift

evening wind...
scent of grass
from the other bank of the river

gaoth an tráthnóna . . . .
boladh an fhéir
ó bhruach eile na habhann

eenin souch...
fume o girss
frae the ither brae

hanging on the thin
threads of rain –
a church on the hill

ar crochadh
de shnáitheanna tanaí báistí –
séipéal ar chnoc

hingin on the slinky
threids o weet –
a kirk on the brae


Dewdrops on the Weeds. Small Station Press, Sofia


an apple      millennia after Adam and Eve
úll    na mílte bliain i ndiaidh Ádhamh agus Éabha
an aipple  millennia efter Adam'n Eve

forgiveness:
the tree by the window
again in bloom

maithiúnas:
crann cois fuinneoige
faoi bhláth arís

forgieness:
the tree bi the winnock
bleemin agane


his words…
unexpected light
under a moth's wings

na focail uaidh . . .
solas gan choinne
faoi sciatháin leamhain

his wurds...
unexpectit licht
unner a moch's weengs

are we as different
as we think –
sunflower field

'bhfuilimid chomh difriúil
agus is dóigh linn –
gort lusanna gréine

are we as unalike
as we mak oot –
sinflooer perk

on the plane      sharing the same wings
ar bord eitleáin  na sciatháin chéanna á roinnt againn
on the plane  skairin the samen weengs

morning chill
on the deserted beach a heart
made of stones

fuacht maidine . . .
ar thrá thréigthe
croí a cruthaíodh le clocha

snell mornin...
on the tuim strand a hert
wrocht o stanes

swift kiss
at the bus stop –
day moon

póg sciobtha
ag stad an bhus –
gealach lae

a swith pree
it the bus-stop –
day muin


after parting…
a bird's flight
over bitter water

tar éis scarúna  . . .
eitilt éin
os cionn uisce ghoirt

efter pairtin...
a burd's flicht
ower wersh watter


dry leaves
drifted over pine needles:
their meeting

duilleoga feoite
ar fán os cionn spíonlaigh:
a dteacht le chéile

drouthy leaves
driftin ower preenacks:
thair trystin


my star
light-years away…
fireflies

mo réaltsa
na solasbhlianta i gcéin  . . .
lampróga

ma stern
licht-years awa . . .
fireflees

hospice…
do sunset shadows get
beyond twilight

ospís …
an dtéann scáileanna luí na gréine
lastall den chlapsholas

hoaspice . . .
dae dayset sheddaes git
ayont gloamin


family album…
lights of a passing train
in the night

albam teaghlaigh  . . .
soilse traenach ag dul thar bráid
istoíche

photy album . . .
lichts o a bygaun train
i the nicht

old graveyard
tall cypresses
pierce the heavens

sean-reilig . . .
na flaithis tollta
ag na cufróga arda

auld kirkyaird . . .
heich cypresses
prog the heivens



sleepless night      dewdrops on the weeds

gan suan gan srann  braonta drúchta ar na fiailí

waukrife nicht  deowdraps on the growthe

2017-12-11

Tar, 'chailín 'dtí an fhuinneog

Éist leis anseo:

Anton Rückauf Lockruf / Love's calling

Cumadóir: Anton Rückauf
File: Georg Daumer

Tar, 'chailín 'dtí an fhuinneog


Tar, 'chailín 'dtí an fhuinneog
Tar, is an scáil ag titim
Tar, is na réaltaí 'lonrú
Is i do dhúiseacht bí!
Labharfad leat sa dorchacht
I gcogar, cogar rúnda
Is labharfad leat mar ghiofóg
Is éalaigh liom, a úillín
is caith tú féin i m'uchtsa
Is éalaigh le do leannán
Faoi choim i lár na hoí'!

Komm, Mädchen, an dein Fenster


Komm, Mädchen, an dein Fenster,
Komm, wenn die Schatten düstern,
Komm, wenn die Sterne funkeln,
Und halte deine Wacht!
Ich werde dir im Dunkeln,
Ein Wörtchen, ein geheimes,
Zigeunerisches, flüstern;
Dann rette dich in's Freie,
Dann wirf dich an die Brust mir,
Dann fliehe mit dem Liebsten
Vertraulich in die Nacht.

2017-12-10

Nils Jorgensen

Nils Jorgensen
níl fágtha
ach grabhróga...
an Suipéar Deireanach
nothing left
but crumbs...
the Last Supper
έμειναν μόνο
κάτι ψίχουλα...
ο Tελευταίος Δείπνος

Leagan Gréigise: Sarah Thilykou

2017-12-09

Saol an Mhadra Bháin le Tracy K. Smith

Saol an Mhadra Bháin le Tracy K. Smith

Nuair a thagraíonn daoine áirithe d'airgead
cheapfá gur leannán mistéireach a bhí ann
a chuaigh amach chun bainne a fháil
is nár tháinig ar ais, is bíonn cumha orm
i ndiaidh na mblianta úd nuair a mhaireas ar chaife is arán,
ocras orm an t-am ar fad, ag siúl chun na hoibre lá pá
mar a bheadh bean ó shráidbhaile gan tobar
ag triall ar uisce, ag maireachtaint ansin
ar feadh oíche nó dhó ar nós cách
ar shicín rósta is fíon dearg.


The Good Life by Tracy K. Smith

When some people talk about money
They speak as if it were a mysterious lover
Who went out to buy milk and never
Came back, and it makes me nostalgic
For the years I lived on coffee and bread,
Hungry all the time, walking to work on payday
Like a woman journeying for water
From a village without a well, then living
One or two nights like everyone else
On roast chicken and red wine.

2017-12-08

an saghas seo tine le Charles Bukowski

le Paul Cézanne

an saghas seo tine le Charles Bukowski

this kind of fire by Charles Bukowski 


sometimes I think the gods
    uaireanta is dóigh liom go sánn
deliberately keep pushing me
    na déithe sa tine mé
into the fire
    d'aon ghnó
just to hear me
    chun go gcloisfidís
yelp
    cúpla dea-líne
a few good
    uaim
lines
    de liú.

they just aren't going to
    níl siad chun ligean dom
let me retire
    dul ar scor
silk scarf about neck
    scaif shíoda timpeall mo mhuiníl
giving lectures at
    léachtaí á dtabhairt agam in
Yale.
    Yale.

the gods need me to
    táim ag teastáil ó na déithe
entertain them
    ar mhaithe le siamsaíocht.

they must be terribly
    caithfidh gur leamh leo
bored with all
    an chuid eile
the others
    go léir

and I am too.
    mo dhála féin.
and now my cigarette lighter
    agus anois tá an lastóir toitíní
has gone dry
    imithe i ndísc.
I sit here
    táim im' shuí anseo
hopelessly
    gan aon mhaith ionam
flicking it
    á chliceáil.

this kind of fire
    níl siad in ann
they can't give
    an saghas sin tine
me.
    a thabhairt dom.

2017-12-07

Abair liomsa anois a chailín


Abair liomsa anois, a chailín
Cad is cúis led’ bhrón, a rún?
Cad is cúis le do chuid slabhraí?
Nach gruama atá sé mar phríosún!

"Tar is inseoidh mé gach ar tharla
Cad is cúis dom bheith faoi bhrón,
Baineann sé le duine gleoite
Gheobhainnse bás dó siúd faoi dhó.

Gleoite a bhí sé faoina chroiméal
Is na súile gorma, Ó
 Do bhí a cholainn mar a bheadh portráid
Is an fráma déanta d’ór."

Povereta muchachika

Povereta muchachika,
Deké sufres del amor?
Deké sufres en kadenas,
En esta 'skura prizión?

"Ven te kontaré mi 'storia,
Lo ke vengo a sufrir,
Por un mansiviko 'rmozo,
Ke por él me vo murir.

Tiene mustachiko preto
I los ojikos mavís.
Su puerpo parese un kadro,
Lavrado en el yaldiz".

2017-12-06

Cuirse do ghrua taobh le mo ghrua

Cumadóir: Adolf Jensen
File:Heinrich Heine
Cuirse do ghrua taobh le mo ghrua
Is silfidh ár ndeora le chéile;
Is le mo chroí cuirse do chroí
Is léimfidh na lasrach’ in éineacht!

Is nuair insan lasair mhór atá
Ár ndeor’is iad mar dhíle
Is nuair a bheidh greim docht agam ort, a ghrá
Beadsa le tnúthán sínte!

Lehn deine Wang' an meine Wang'

Lehn deine Wang' an meine Wang',
Dann fliessen die Tränen zusammen;
Und an mein Herz drück fest dein Herz,
Dann schlagen zusammen die Flammen!

Und wenn in die große Flamme fliesst
Der Strom von unsern Tränen,
Und wenn dich mein Arm gewaltig umschließt
Sterb' ich vor Liebessehnen!

2017-12-05

Tanka

Jason Symes
coiscéimeanna
ag dul i léig go mall
sinn ag dul ár mbealach féin
    teagasc an Bhúda
    grian íseal os cionn Oileán an Tairbh
footsteps
slowly fading
we go our separate ways
    teachings of the Buddha
    low sun over Bull Island

2017-12-04

Haiku Sneachta le Issa

Íomhánna roghnaithe ag Margaret Lonergan; curtha i láthair le déanaí ag Tionscadal an Sneachta IMRAM.



Breis le híoslódáil anseo:

2017-12-03

Ag an tobar casadh Air an bhean

Ag an tobar casadh Air an bhean

Ag an tobar casadh Air an bhean
Ag an tobar casadh Air an bhean
Ag an tobar casadh Air an bhean
Agus d’fhógair Íosa gach a ndearna sí
 
Ar Sé, “A bhean, a bhean, cá bhfuil do chéile?”
Ar Sé, “A bhean, a bhean, cá bhfuil do chéile?”
Ar Sé, “A bhean, a bhean, cá bhfuil do chéile?”
“Is eol dom gach a ndearna tú riamh.”

Ar sí, “ ’Íosa, ’Íosa, níl aon chéile agam”
Ar sí, “ ’Íosa, ’Íosa, níl aon chéile agam”
Ar sí, “ ’Íosa, ’Íosa, níl aon chéile agam”
“Is ní heol duit gach a ndearna mise riamh.”

Ar Sé, “A bhean, a bhean, cúigear ’tá agat”
Ar Sé, “A bhean, a bhean, cúigear ’tá agat”
Ar Sé, “A bhean, a bhean, cúigear ’tá agat”
“An té ’tá anois ann, ní leatsa é.”

Ar sí, “É seo, É seo, caithfidh sé gur fáidh é”
Ar sí, “É seo, É seo, caithfidh sé gur fáidh é”
Ar sí, “É seo, É seo, caithfidh sé gur fáidh é”
“D’fhógair sé a ndearna mise riamh.”

Ag an tobar casadh Air an bhean
Ag an tobar casadh Air an bhean
Ag an tobar casadh Air an bhean
Agus d’fhógair Íosa gach a ndearna sí
 

JESUS MET THE WOMAN AT THE WELL


Jesus met the woman at the well
Jesus met the woman at the well
Jesus met the woman at the well
And He told her everything she'd ever done

He said, "Woman, woman, where is your husband?"
He said, "Woman, woman, where is your husband?"
He said, "Woman, woman, where is your husband?"
"I know everything you've ever done"

She said, "Jesus, Jesus, I ain't got no husband"
She said, "Jesus, Jesus, I ain't got no husband"
She said, "Jesus, Jesus, ain't got no husband"
"And You don't know everything I've ever done"

He said, "Woman, woman, you've got five husbands"
He said, "Woman, woman, you've got five husbands"
He said, "Woman, woman, you've got five husbands"
"And the one you have now, he's not your own"

She said, "This man, this man, He must be a prophet"
She said, "This man, this man, He must be a prophet"
She said, "This man, this man, He must be a prophet"
"He done told me everything I've ever done"

Jesus met the woman at the well
Jesus met the woman at the well
Jesus met the woman at the well
And He told her everything she'd ever done

2017-12-02

Galanika



Oscail dom, a stór mo chroí mar is gearr go mbeidh ’na lá
Osclód, cinnte osclód, mar is tú mo ghrá
Ní chodlaímse istoíche, smaoiním ort de shíor.

Tá mo mháithrín go sámh ina codladh, cloisfidh sí do ghlór
A cuid bróidnéireachta ‘chaitheamh ar an gcarn fuíll

Tá m’athairse i mbun a chuid scríbhneoireachta, cloisfidh sé do ghlór
An dúch go léir aige a chaitheamh ar an gcarn fuíll

An oíche go léir, go léir, táim ag feitheamh leat is ag tnúth
Tá na doirse ar fad ar oscailt, coinnle ar fad ag lonrú.

Avridme galanika que ya va amanecer
Avrid, ya vos avro, mi lindo amor
La noche non düermo pensando a vos

La manachi está durmiendo, y mos sentirá
Arrovemos de la sirma vamos a echar

Siñor padre está escriviendo y mos sentirá
Arrovemos de la tinta vamos a echar

Toda la noche, toda, vos estuve asperando,
Con las puertas aviertas, cirios arrelumbrando

Ohara Koson

Ohara Koson
urnaí maidine
gan smaoineamh…
gan bhriathar
morning prayer
no thoughts…
no words
morgengebet
keine gedanken…
keine worte

Leagan Gearmáinise: Hans-Christian Oeser

2017-12-01

Don té a léifidh é seoI gceann 500 bliain

Conas tá agat?
Is dócha gur tharla go leor athruithe

Ó bhíos-sa thart,
Ach nílimid an-éagsúil lena chéile,

Níl ach buntáiste amháin agat orm –
Tá tusa in ann breathnú siar.

Tá an oiread sin ceisteanna agam le cur ort:
An bhfuil gluaisteáin in ann eitilt anois?

An seasann Mumbai cois farraige i gcónaí?
Conas tá ag éirí libh is gan aon ózón agaibh?

’Bhfuil siad tagtha fós ó phláinéid eile?
Cé de mo linnse a gcuimhnítear air i gcónaí?

Cén fhaid a mhair an India agus an Phacastáin?
Cathain a saoradh an Chaismír?

Caithfidh go gcuireann sé iontas ort
Féachaint siar ar mo linnse.

Caithfidh gur saol an-ait a chaitheamarna,
Ár gcogaí chomh beag sin,

Leithris marcáilte Fir is Mná
Caithfidh gur cúis gháire é sin

Crainn á leagan againn
Á liostú agaibhse i measc na bhFáthanna Bunaidh

Ár gcuid dánta agus an ghealach fós
I gcéin iontu

N’fheadar cad deir sé sin faoin ngealach
Nó faoin bhfilíocht.

Caithfidh go bhfuil mearbhall ort
Nár shamhlaíomarna fiú nithe

Nach cúis iontais ar bith daoibhse iad.
Ach fágaimis sin mar atá sé,

An ndéanfá gar dom
Ar mhaithe leis “na seanlaethanta”?

An raghfá chuig Tuama Humayun
San áit a mbíodh Deilí tráth

Agus tú ag dreapadh an staighre tosaigh,
Gar don cheathrú céim, tá greanta agam

Ar an mballa cloiche ann ar thaobh na láimhe clé
“Tá grá ag Akhil do Rohit”

Téigh ann le do thoil
Féachaint an bhfuil sé fós ann



Duine d’fhilí aeracha na hIndia é Akhil Katyal.

2017-11-30

Neamhbhásmhaireacht

Chun Scríbhneoireacht ar Pháipéar a dhéanamh marthanach,
leáigh guma arabach in uisce
agus cuir leis sin eabhardhubh –
an-mheilte go deo –
agus bí ag scríobh leat.

Ní ghlanfadh aigéid an scríbhneoireacht seo:
dá mba mhaith leat í a chosaint
ar ghal ó uisce te,
is féidir an scríbhneoireacht a chlúdach
le gealacán uibhe, léirghlanta.

Chun sean-Scríbhinnní atá beagnach millte
a athnuachan,
beirigh cnó-ghál i bhfíon,
cuir spúinse ar maos sa leacht ansin,
is cuimil ar línte na seanscríbhinne é:
ar an mbealach sin beidh na litreacha
-     a bhí doléite geall leis –
chomh húr is dá mbeidís nuascríofa.


 Amanda Bell

2017-11-29

A nDúirt an Dochtúir le Raymond Carver

 
Art by J. Adam McGalliard

Níl cuma rómhaith air ar seisean
ar seisean tá droch-chuma air an-dona go deimhin
ar sé chomhair mé dhá cheann is tríocha díobh ar scamhóg amháin
sular éiríos as
dúrtsa leis go raibh áthas orm nár mhaith liom fháil amach
go raibh níos mó ann ná an méid sin
an fear creidimh thú ar sé an raghfá ar do ghlúine
i ngarrán foraoise agus ligean duit féin cabhair a lorg
nuair a bhainfeá eas amach
cáitheadh ag séideadh in aghaidh do ghnúise is do ghéag
an stopfá agus tuiscint a lorg ag móimintí den saghas sin
ní go fóill arsa mise ach tá rún agam tosnú inniu
ar sé tá an-bhrón orm ar sé
is trua nach bhfuil scéala eile agam duit
áiméan arsa mise agus dúirt seisean rud éigin eile
nár thuigeas agus nuair nach raibh fhios agam cad eile
a dhéanfainn agus nuair nár theastaigh uaim go ndéarfadh sé
arís é agus go mbeadh ormsa é a thuiscint i gceart
d’fhéachas air sin uile
ar feadh nóiméid is d’fhéach seisean ar ais agus is ansin
a léimeas is chroitheas lámh leis an té a thug rud éigin dom
nár thug aon neach eile ar an saol seo riamh dom
seans gur ghabhas buíochas leis fiú tá an nós chomh seanbhunaithe.

What the Doctor Said by Raymond Carver

He said it doesn’t look good
he said it looks bad in fact real bad
he said I counted thirty-two of them on one lung before
I quit counting them
I said I’m glad I wouldn’t want to know
about any more being there than that
he said are you a religious man do you kneel down
in forest groves and let yourself ask for help
when you come to a waterfall
mist blowing against your face and arms
do you stop and ask for understanding at those moments
I said not yet but I intend to start today
he said I’m real sorry he said
I wish I had some other kind of news to give you
I said Amen and he said something else
I didn’t catch and not knowing what else to do
and not wanting him to have to repeat it
and me to have to fully digest it
I just looked at him
for a minute and he looked back it was then
I jumped up and shook hands with this man who’d just given me
something no one else on earth had ever given me
I may have even thanked him habit being so strong

2017-11-28

Graifítí an Lae

Más comhartha siombalach atá uait, ná dóigh an bhratach, nigh í.

Norman Thomas

2017-11-27

Más domhain í an chlais…

File: Matthias Jacob Schleiden (bunaithe ar théacs Plattdeutsch de chuid Klaus Groth)
Cumadóir: Joachim Raff

Kein Graben so breit,
keine Mauer so hoch,
Wenn Zwei sich nur gut sind,
sie treffen sich doch.

Kein Wetter so graulich,
so schwarz keine Nacht,
Wenn Zwei sich nur seh'n woll'n,
wie bald ist's gemacht!

Da gibt's einen Mondschein,
da scheint wohl ein Stern,
Da blinkt noch ein Lichtlein,
man nimmt die Latern';

Da find't sich schon eine Leiter, ein Steg:
Sind zwei sich nur gut -- keine Sorg' um den Weg.

Más domhain í an chlais…

Más domhain í an chlais
Is an falla más ard
Más mian leo a chéile
Le himní níl gá.


Más gruama an aimsir
An oíche más dubh
Más breá leo a chéile
Tarlóidh sé inniu!

Tá gealach ag lonrú
Is féach thuas tá réalt
Tá solas ag preabadh
Beir leat an laindéar.

Beidh dréimire ann nó droichead an ghrá
Más mian leo a chéile le himní níl gá.

2017-11-26

Kunwar Narain (1927 -2017)

Gnáthshaol a chaitheamh

Tuigim nach bhfuilim in ann
an domhan a athrú
ná troid ina choinne
is an lámh in uachtar a fháil

Sea, dá dtroidfinn dhéanfaí mairtíreach díom
agus níos fearr fós
thógfaí leacht i m’onóir
is bheinn i mbéal cách mar réaltóg...

Rud eile ar fad
is ea bheith id’ mhairtíreach

An té a chaitheann gnáthshaol
d’fhéadfadh seisean leis
a bheith
ina mhairtíreach
ciúin

Kunwar Narain


2017-11-25

Haiku le Issa ón mbliain 1812

Cad a bhí ag titim amach sa bhliain 1812?

  • D'fhógair Meiriceá cogadh ar an mBreatain.
  • Rugadh Seán Ó Duinnshléibhe, file.
  • Thug Byron a chéad óráid uaidh i dTeach na dTiarnaí agus na Luddaigh á gcosaint aige.
  • Caracas scriosta ag crith talún.
  • Rugadh Charles Graves, scoláire.
  • Feallmharaíodh Príomh-Aire na Breataine (más feall a bhí ann).
  • Tháinig deireadh le Cogadh na Rúise in aghaidh na Tuirce.
  • Troideadh Cath Salamanca.
  • Napoléon sa Rúis.
  • Foilsíodh Scéalta Sí na nDeartháireacha Grimm.
  • Rugadh Charles Dickens.
  • Rugadh Robert Browning.
  • Cailleadh Edmond Malone, saineolaí Éireannach ar Shakespeare.
  • Cailleadh Charles Vallancey, scoláire Gaeilge.
Chum Issa an haiku seo, i measc go leor eile:

iompaíonn Máirín an Chlúimh
ina féileacán  . . .
gealach shamhraidh

.蝶と成つて髪さげ虫も夏の月

chô to natte kami sage mushi mo natsu no tsuki

2017-11-24

IN THE GARDEN/ SA GHAIRDÍN




Nuair ’tháinig siad air sa ghairdín, arbh eol dóibh?
Nuair ’tháinig siad air sa ghairdín, arbh eol dóibh?
Arbh eol dóibh gurbh é Mac Dé É, gurbh é a dTiarna É
Nuair a dúirt Sé féin le Peadar a chlaíomh a chur ’leataobh.
Nuair ’tháinig siad air sa ghairdín, arbh eol dóibh?
Nuair ’tháinig siad air sa ghairdín, arbh eol dóibh?

Nuair a labhair Sé leo insan gcathair, ‘chuala siad?
Nuair a labhair Sé leo insan gcathair, ‘chuala siad?
Niocadaemas sheachain sé na sluaite is tháinig istoích’
Á rá, “’Mháistir, cén fáth is gá bheith saolaithe arís?”
Nuair a labhair Sé leo insan gcathair, ‘chuala siad?
Nuair a labhair Sé leo insan gcathair, ‘chuala siad?

Nuair a leigheas Sé daill is bacaigh, ‘bhfaca siad
Nuair a leigheas Sé daill is bacaigh, ‘bhfaca siad
Nuair a dúirt, “Tuige mé a cháineadh, tóg do shráideog is siúil,
Rud a dhéanfadh m’Athair, dhéanfainnse gan dua”
Nuair a leigheas Sé daill is bacaigh, ‘bhfaca siad
Nuair a leigheas Sé daill is bacaigh, ‘bhfaca siad?

Ar labhair siad ina choinne, ’leomhfaidís?
Ar labhair siad ina choinne, ’leomhfaidís?
Theastaigh ón slua go mbeadh Sé ina rí, ar a chloigeann bheadh coróin
Cén fáth ar imigh Sé le bheith i bhfad ón gcóip?
Ar labhair siad ina choinne, ’leomhfaidís?
Ar labhair siad ina choinne, ’leomhfaidís?

Nuair d’éirigh Sé ón mbás, ar chreid siad é?
Nuair d’éirigh Sé ón mbás, ar chreid siad é?
Ar Sé, “Tá gach údarás tugtha Domsa ar neamh ’ is ar talamh
Ar thuigeadar láithreach bonn É le bheith neamhbhalbh?
Nuair d’éirigh Sé ón mbás, ar chreid siad é?
Nuair d’éirigh Sé ón mbás, ar chreid siad é?

IN THE GARDEN

When they came for Him in the garden, did they know?
When they came for Him in the garden, did they know?
Did they know He was the Son of God, did they know that He was Lord?
Did they hear when He told Peter, “Peter, put up your sword”?
When they came for Him in the garden, did they know?
When they came for Him in the garden, did they know?

When He spoke to them in the city, did they hear?
When He spoke to them in the city, did they hear?
Nicodemus came at night so he wouldn’t be seen by men
Saying, “Master, tell me why a man must be born again”
When He spoke to them in the city, did they hear?
When He spoke to them in the city, did they hear?

When He healed the blind and crippled, did they see?
When He healed the blind and crippled, did they see?
When He said, “Pick up your bed and walk, why must you criticize?
Same thing My Father do, I can do likewise”
When He healed the blind and crippled, did they see?
When He healed the blind and crippled, did they see?

Did they speak out against Him, did they dare?
Did they speak out against Him, did they dare?
The multitude wanted to make Him king, put a crown upon His head
Why did He slip away to a quiet place instead?
Did they speak out against Him, did they dare?
Did they speak out against Him, did they dare?

When He rose from the dead, did they believe?
When He rose from the dead, did they believe?
He said, “All power is given to Me in heaven and on earth”
Did they know right then and there what the power was worth?
When He rose from the dead, did they believe?
When He rose from the dead, did they believe?   

2017-11-23

Majo, Majo



Majo, majo
Majo, majo, majo
Agua n'el mortero.
No hay quen s'adjideye
D'este forastero

Acodravos dama
D'aquel pan y sal,
Que comimos djunto
En un cabesal.

Y dizir ansi,
Yo ya me cansi,
Que de vuestro fuego
Yo ya me cansi
 

Meilim, meilim

Meilim, meilim, meilim
Uisce sa mhoirtéar.
Trua níl ag éinne
Domsa an strainséir.

Cuimhnigh, a bhean uasal
Salann is arán
D’itheamar le chéile
‘Dtí an lá bán.

Táimse féin á rá
Leor é sin mar chrá
Táim dubh dóite díotsa
Leor é sin mar chrá.

2017-11-22

AN CAIPITLEACHAS A CHLOÍ? CONAS

Cé a scríobhfadh dán ag moladh an chaipitleachais? Sin í an cheist a ardaíonn John Curl thar ceann a chomh-eagarthóirí sa duanaire ilteangach Overthrowing Capitalism (Iml. 4), foilsithe ag an Revolutionary Poets Brigade agus Kallatumba Press.
 
Deir Curl gur tháinig an caipitleachas in áit an fheodachais agus na monarcachta agus b’fhacthas do dhaoine áirithe ag an am go mbeadh deireadh le cos ar bolg ach ní raibh sa chóras nua, a deir sé, ach slí eile chun struchtúr a thabhairt don éagóir shóisialta.
 
Sa lá ata inniu ann, a deir Curl, is é atá sa chaipitleachas ná córas domhanda chun dúshaothrú a dhéanamh ar a bhfuil d’acmhainní nádúrtha agus daonna ann ar mhaithe le maoin phríobháidithe a chruthú do na bodaigh mhóra atá i gceannas ar an gcruinne.

Abair é sin le daoine áirithe agus déarfaidh siad leat, ‘Bodaigh mhóra? Cé na bodaigh mhóra? Ná habair go ngéilleann tú do theoiricí comhcheilge?’ Géillim gan amhras. Go leor de na bodaigh mhóra ní chífeá in aon chor iad. Táid i bhfolach. Agus cúis mhaith acu!


Cé a scríobhfadh dán ar son an chórais sin ach turcaí éigin a vótálfadh ar son na Nollag. Seans go bhfuil cúpla turcaí i measc fhilí Gaeilge agus Béarla na tíre seo. Conas d’aithneofá iad? Féachann siad agus fuaimníonn siad beagán mar seo:





Buailimse le daoine áirithe ó am go chéile agus aontaíonn siad le tráchtas Curl thuas agus tá siad ar buile toisc go bhfuil an domhan seo scriosta ag na bodaigh mhóra thuasluaite ach deir siad, ‘Cad is féidir a dhéanamh? Tá buaite acu orainn.’ 


Bhuel, ní chreideann éinne a bhfuil saothar leis sa tsraith duanairí Overthrowing Capitalism go bhfuil an cath caillte ar fad. A mhalairt. Feiceann siad comharthaí soiléire gach áit go bhfuil deireadh ré ag druidim linn – ar ndóigh, tagann deireadh le gach ré. 

Tá Teamhair ina féar agus féach an Traí mar atá.  

An bealach chun an caipitleachas a chloí, dar le Curl agus a chairde, ná gabháil thar an gcaipitleachas, roghanna eile a shamhlú, modhanna eile, comhfhios réabhlóideach agus institiúidí réabhlóideacha a thógáil. Agus ná ceap nach bhfuil ról ag an bhfile san obair seo mar obair chultúrtha is ea é comhfhios a ardú agus dóchas a thabhairt do dhaoine. Cad eile a bhí ar siúl ag filí na hAislinge ach an pobal a mhúscailt agus saol eile seachas daorbhroid a shamhlú?
Tá dán anseo ag an bhfile Iaránach Mahnaz Badihian


Is san Fhairsis a scríobhadh an bundán agus té sé sa díolaim seo faoina theideal Béarla Like Never Before:

Dúirt mé leat nach féidir díreach
cúl a thabhairt
don ainnise agus don fhearg.
Tá siad os ár gcomhair amach
ar na sráideanna,
gar dár gcroí,
go domhain sa stair.

Ní féidir cúl a thabhairt dáiríre
don radharc sin, fir is mná
ina gcodladh ar asfalt fuar
oícheanta fuara in San Francisco, Tehran agus  . . .

Dúirt mé leat go ngoilleann sé orm
go bhfuil dul chun cinn déanta i ngach aon ní seachas sa daonnacht,
agus a fhios againn nach raibh riamh an oiread sin teifeach ann
i stair an chine dhaonna.
Fhios againn go bhfuil teaghlaigh ann ina milliúin agus clann óg orthu
Is gan aon áit acu is féidir baile a thabhairt air,
gan bhia, gan dóchas, gan todhchaí  . . .

D’fhéach tú ar mo shúile dorcha agus dúirt:
‘Nach maith go bhfuil croí ionat
a bhraitheann léan an duine eile!
Súile agat ar léir dóibh
Arraing an duine eile.’

Dúirt mé leat go bhfuil mo chroí ag éirí trom
lá i ndiaidh lae
nuair a chloisim faoi thíortha atá scriosta ag cogadh,
ag ocras, fiú i Meiriceá féin,
tír a chaitheann na billiúin ar airm
tír ina gceannaíonn Beyoncé
teach is fiú 54 milliún dollar!

Mar tá dlíthe nua ann anois in aghaidh iarrthóirí tearmainn
teaghlaigh a ndiúltaítear víosa dóibh
á seoladh ar ais chuig campaí teifeach chun bás a fháil!

Conas is féidir anáil a tharraingt
agus mo chroí chomh trom sin,
croí atá ag béicíl:
DEIREADH LE SAINT!
DEIREADH LEIS AN gCAIPITLEACHAS!
Beyoncé


Níl ansin ach sampla beag den saghas filíochta agus reitrice atá sa leabhar seo nach don bhord caife é agus críochnóidh mé le dán de chuid Joj Kastra, nó Georges Castera, sa Háitis:

Konsey

Si-w gen on miray devon-ou,
poze-l tout kalte kesyon dwol.
Si-l reponn,
kraze-l!

Comhairle

Má tá falla os do chomhair amach,
cuir ceisteanna aite de gach saghas air.
Mura dtugann sé freagra ort
leag é!

2017-11-21

Ay, Mancebo


Mancebo, ay mancebo
Ay mancebo tan gentil
Si para Francia vos ibax
al mi amor saludarex

Que senal me dabax dama
Que lo quero conocer
El es alto como el pino
Derecho como el fener
Benea caballo blanco

De los que benea el rey
En su mano la derecha
Una lansa lleva el

Ó, a ógfhir

A ógfhir, ó a ógfhir
Ó, a ógfhir atá tláith
Más chun na Fraince ’tá do thriall
Beir scéala uaimse chun mo ghrá.

Cad é an comhartha ’thabharfaidh tú
Chun go n-aithneoinn do ghrá,
Ard atá sé chomh hard leis an ngiúis
Ga ón ngrian is mar sin atá.

Feicfear é ar a chapall bán
Mar a bhíonn ag an rí é féin
Ina lámh dheas feicfidh tusa
Lansa ag lonrú faoin ngréin.

2017-11-20

Tanka le cuid de na máistrí

Chum Akiko Yosano (1878–1942) thart ar 40,000 tanka i gcaitheamh a saoil.
Akiko Yosano
Feimineach agus síochánaí ab ea í:
iompóimid inár dhá réalta -
ach go dtí sin
ná cuimhnímis
ar ghuth an fhómhair
a chualamar ón leaba chéanna


 


Ishikawa Takuboku
Ní fada a mhair Ishikawa Takuboku (1886–1912), máistir tanka. Scríobhadh sé sa chló Rómhánach chun nach mbeadh a bhean in ann a shaothar a léamh: 
dúnaim mo shúile 
ach ní thagann faic
isteach i m'aigne
le teann uaignis
osclaím arís iad

Scríbhneoir ficsin agus scríbhneoir do leanaí chomh maith le bheith ina fhile ab
Kenji Miyazawa
ea Kenji Miyazawa (1896–1932):

breacadh an lae
mám sléibhe
ceo ar fán agus tríd -
geall le bheith dobhraite -
boladh trátaí glasa

Mac le húinéir siopa leabhar agus foilsitheoir iris liteartha ab ea Shūji Miya (1911–1986):

ar mo bhealach abhaile
ón láthair oibre
stopaim chun breathnú
ar ghlasraí á spraeail le huisce
sa siopa grósaera

2017-11-19

Dylan: ’CHORPÁIN, ’CHORPÁIN



’CHORPÁIN, ’CHORPÁIN


Focail dhíomhaoine á rá ag an aigne cham
Cloí le geallúintí aite, iad ag éag in am,
Gan a bheith in ann an rud fónta a aithint ón smál
Ó, tá mé cráite, tá mé cráite
Níl sólás ar bith le fáil.

’Chorpáin, ’chorpáin
Bhfuil tú chun éirí?
D’aigne ar strae
Dusta id’ shúile cinn

Tá tú gafa ag Sátan fós, neadaíonn éanlaith i do ghruaig
An bhfuil creideamh ar bith id’ chroí? An bhfuil grá ar bith agat dúinn?
 An chuma ’tá ar do cheann, Dia á mhallú ’gat gach lá
Ó, tá mé cráite, tá mé cráite
Cad tá agat á rá?

’Chorpáin, ’chorpáin
Bhfuil tú chun éirí?
D’aigne ar strae
Dusta id’ shúile cinn

An mhealltacht is an ghlóir-réim is an pheaca-pholaitíocht
An geiteo sin a thóg tú dom, sé an geiteo sin do ríocht
Rásaíocht an innill sin ’rialaíonn in aghaidh do chroí
Ó, tá mé cráite, tá mé cráite
Ligint ort gur cliste ataoi.

’Chorpáin, ’chorpáin
Bhfuil tú chun éirí?
D’aigne ar strae
Dusta id’ shúile cinn

Cad tá agat ansin chun mé a chloí, an teagasc nó gunnán?
Mo dhroim leis an bhfalla cheana tá, teitheadh cén áit?
Tá tuxedo ’gat á chaitheamh, é maisithe le bláth
Ó, tá mé cráite, tá mé cráite
Go leac na bpian linn faoi do lámh.

’Chorpáin, ’chorpáin
Bhfuil tú chun éirí?
D’aigne ar strae
Dusta id’ shúile cinn

DEAD MAN, DEAD MAN


Uttering idle words from a reprobate mind
Clinging to strange promises, dying on the vine
Never bein’ able to separate the good from the bad
Ooh, I can’t stand it, I can’t stand it
It’s makin’ me feel so sad

Dead man, dead man
When will you arise?
Cobwebs in your mind
Dust upon your eyes

Satan got you by the heel, there’s a bird’s nest in your hair
Do you have any faith at all? Do you have any love to share?
The way that you hold your head, cursin’ God with every move
Ooh, I can’t stand it, I can’t stand it
What are you tryin’ to prove?

Dead man, dead man
When will you arise?
Cobwebs in your mind
Dust upon your eyes

The glamour and the bright lights and the politics of sin
The ghetto that you build for me is the one you end up in
The race of the engine that overrules your heart
Ooh, I can’t stand it, I can’t stand it
Pretending that you’re so smart

Dead man, dead man
When will you arise?
Cobwebs in your mind
Dust upon your eyes

What are you tryin’ to overpower me with, the doctrine or the gun?
My back is already to the wall, where can I run?
The tuxedo that you’re wearin’, the flower in your lapel
Ooh, I can’t stand it, I can’t stand it
You wanna take me down to hell

Dead man, dead man
When will you arise?
Cobwebs in your mind
Dust upon your eyes  

2017-11-18

Haiku le Issa ón mbliain 1822

Sa bhliain 1822

  • Rugadh an seandálaí Gearmánach Heinrich Schliemann.
  • Rugadh Ulysses S. Grant a bheadh ina 18ú hUachtarán ar SAM.
  • Rugadh Gregor Mendel, géineolaí Seiceach.
  • Rugadh César Franck, cumadóir Beilgeach.
  • Rugadh Mathew Arnold, file Sasanach.
  • Rugadh Louis Pasteur, micreabhitheolaí Francach.
  • Cailleadh E.T.A. Hoffmann, scríbhneoir Gearmánach.
  • Cailleadh Percy Bysshe Shelley, file Sasanach.
  • Cailleadh Kristjan Jaak Peterson, file Eastónach.
  • Rugadh an tAthair Sylvester Malone, cara le Conradh na Gaeilge.
  • Cailleadh John McNamara, bailitheoir lámhscríbhinní.
  • Rugadh Mícheál Caomhánach faoina ndúradh
‘His interest in Irish literature and mythology, and his knowledge of the Irish language itself, combined with a real writing talent, his devotion to translation, and an ability to compose verse, mark him out as a literateur, a man of letters. Though he wrote in English, the literary tradition to which he belongs is firmly an Irish one’
  • Sa bhliain 1822 d'fhoilsigh an tAthair John McEnroe eagrán nua den Teagasc Críostaí le Andrew Donlevy agus scríobh sa réamhrá
'The Irish language is venerable for its antiquity, and valuable for the many literary documents it contains; in harmony of sound it is inferior to no language, to many it is superior in strength of expression. Laudable and effective efforts have been made of late to restore the Irish to its antient degree on the scale of learned languages . . .'


Sa bhliain chéanna chum Issa an haiku seo i measc scata eile:


an t-oisín ag spraoi
agus é dall
ar an tsaighead

.鹿の子や矢先もしらでどち狂ふ

shika no ko ya yasaki mo shirade dochi kuruu


An Doras a dhruid an Pápa/ The Door the Pope Closed

Le

Biddy Jenkinson 

Léamh stáitse ar dhráma úrnua i nGaeilge sa Halla Cóisire, Smock Alley, Céadaoin 29 Samhain @6.30 

Rehearsed reading of brand new play in Irish at The Banquet Hall, Smock Alley, Wed Nov 29th @ 6.30pm


Tugtar caoinchuireadh duit leis seo go dtí léamh stáitse ar An Doras a dhruid an Pápa - dráma nuascríofa le Biddy Jenkinson, file agus drámadóir nótáilte - sa Halla Cóisire, Smock Alley, ar an gCéadaoin 29 Samhain. Sa chliar tá Bláthnaid Ní Chofaigh, Máire Ní Ghráinne agus Donncha Crowley. Tristan Rosenstock an stiúrthóir.

Beidh scailtín fíona agus scroid ar fáil ar 6pm agus ansin léifear Gníomh 1 den dráma ar 6.30 pm, léamh a leanfaidh thart ar 30 nóiméad.

I nGaeilge a bheidh an seó agus beidh fortheidil Bhéarla ann. Beidh fáilte romhat fanacht linn ina dhiaidh agus an dráma a phlé agus d'fhéadfadh an plé sin a bheith ina chabhair dúinn nuair a dhéanfar lánléiriú ar an dráma an bhliain seo chugainn.

RSVP le do thoil
www.everlastingvoices.ie
everlastingvoicesperformance@gmail.com
www.facebook.com/GuthannaBinneSíoraí
Twitter:     @GuthannaBinne

LEABHARLANN NA bhFUAIMEANNA CAILLTE NÓ IAD AG DUL I LÉIG/ THE LIBRARY OF LOST AND VANISHING SOUNDS

DÉ SATHAIRN 2 NOLLAIG
Saturday 2 December 3.00pm
Powerscourt Theatre
Top floor, Powerscourt Townhouse
South William St, Dublin 2
Cead isteach/admission: €10
Booking: https://www.eventbrite.ie/e/leabharlann-na-bhfuaimeanna-cailltethe-library-of-lost-sounds-tickets-39868470669?aff=erellivmlt

LEABHARLANN NA bhFUAIMEANNA CAILLTE NÓ IAD AG DUL I LÉIG



Cleatar sean-chlóscríobháin láimhe;cnagarnach statach agus teilifíseán á dhúiseacht; bús gutháin á dhiailiú; daoine ag feadaíl; barr buidéil alúmanaim ag cnagaireacht; crónán ón bhflóta bainne - níl ansin ach cuid de na fuaimeanna atá ag dul i léig. Sa tionscadal léifidh ceathrar filí - Marcus MacConghail, Doireann Ní Ghríofa, Proinsias Mac A' Bhaird agus Máire Dinny Wren dánta nua mar gheall ar fhuaimeanna nach gcloistear níos mó agus cloisfear fuaimrian ón gceoltóir agus dealbhóir fuaime Fergus Kelly.

 

THE LIBRARY OF LOST AND VANISHING SOUNDS


The clatter of an old manual typewriter; the crackle of static as a television comes on; the whirr of a phone dial; people whistling; the crinkle of an aluminium bottle top; the hum of an electric milk float - these are just some of the sounds that are becoming part of the past. Tonight four poets - Marcus MacConghail, Doireann Ní Ghríofa, Proinsias Mac A' Bhaird and Máire Dinny Wren - will read new poems on the theme of lost sounds, to a sound-track created by musician and sound sculptor Fergus Kelly.

2017-11-17

DYLAN AMHRÁN 7 - PRESSING ON

BRÚ AR AGHAIDH

Táim ag brú ar aghaidh
Sea ag brú ar aghaidh
Táim ag brú ar aghaidh
'Dtí an ghairm ó mo Thiarna ard.

Tugadh faoi mo stopadh, mé ’chroitheadh lena mbuairt:
“Hé, cruthaigh gurb é ’n Tiarna é, tá comhartha uaim”
Cén comhartha atá uait, is istigh tá ’n uile ní,
Tá an chaora sa chró, is níl aon ghá le himní.

Táim ag brú ar aghaidh
Sea ag brú ar aghaidh
Táim ag brú ar aghaidh
'Dtí an ghairm ó mo Thiarna ard.

Croith an dusta ded’ chos, ná féach siar
Níl aon ní a cheanglódh thú, roinneadh ort do sciar,
An cathú ní haon dóithín é, b’é Ádhamh a thug don diabhal an svae
Pheacaigh sé níl aon rogha agam, sé mo nádúr é.

Táim ag brú ar aghaidh
Sea ag brú ar aghaidh
Táim ag brú ar aghaidh
'Dtí an ghairm ó mo Thiarna ard.

PRESSING ON


Well I’m pressing on
Yes, I’m pressing on
Well I’m pressing on
To the higher calling of my Lord

Many try to stop me, shake me up in my mind
Say, “Prove to me that He is Lord, show me a sign”
What kind of sign they need when it all come from within
When what’s lost has been found, what’s to come has already been?

Well I’m pressing on
Yes, I’m pressing on
Well I’m pressing on
To the higher calling of my Lord

Shake the dust off of your feet, don’t look back
Nothing now can hold you down, nothing that you lack
Temptation’s not an easy thing, Adam given the devil reign
Because he sinned I got no choice, it run in my vein

Well I’m pressing on
Yes, I’m pressing on
Well I’m pressing on
To the higher calling of my Lord   

2017-11-16

TRAEIN MHALL /DYLAN AMHRÁN 6 - SLOW TRAIN

TRAEIN MHALL


Uaireanta bíonn goimh orm is déistin
Cad sa diabhal atá ag tarlú do mo chompánaigh
Bhfuil siad slán nó fós ar strae
Nó an eol dóibh an praghas a ísleodh a svae
A gcuid prionsabal saolta a mbeidh orthu iad a fhágáil
Tá traein mhall, tá traein mhall ag teacht chugainn gan mhoill.

Bhí bean agamsa thíos in Alabama
B’as an iargúil di siúd, ach bhí bonn lenár gcaidreamh
Ar sí, “Hé, gan aon agó
Cuir cruth ort féinig agus dea-chló,
Gheofá bás anseo, is ní bheadh ionat ach cuid den staidreamh”
Tá traein mhall, tá traein mhall ag teacht chugainn gan mhoill.

Ola ón gcoigríoch,’tá i gceannas ar an tír seo
Féach timpeall ort, is cinnte go mbraitheann tú náire,
An síc ina rí ochón
Na seoda is na fáinní sróin’
Todhchaí ár dtíre á beartú ’cu in Amstardam is i bPáras
Tá traein mhall, tá traein mhall ag teacht chugainn gan mhoill.

Tá ár n-ego neamhleáite, ár ndlíthe as dáta, ní bhaineann linn níos mó
Ní féidir seasamh thart ag feitheamh agus i ngátar
I dtír seo na mbua
Jefferson ag iompú ina uaigh
Buaileam sciath na ngamal a láimhseálfadh, mar dhea, Sátan
Tá traein mhall, tá traein mhall ag teacht chugainn gan mhoill.

An teagmhálaí mór le rá, an bréag-lia, fuathaitheoir mná
Máistir cur i gcéill is an máistir atá praiticiúil
Ach an namhaid dom is léir
Caitheann seisean fallaing ghlé
Na díchreidmhigh, na gadaithe ag caint in ainm an reiligiúin
Is tá traein mhall, tá traein mhall ag teacht chugainn gan mhoill.

Ocras is tart ar a lán, is pléascann an t-ardaitheoir gráin,
Ó, cé gur costasaí an bia a stóráil ná é a bhronnadh
Deir siad linn gan a bheith cúthail
Do chuid aislingí ’leanúint
Tá caint ar ghrá a bheith againn dá chéile, taispeáin dom an duine atá sona,
Tá traein mhall, tá traein mhall ag teacht chugainn gan mhoill.

Bhuel, go hIllinois do chuaigh mo bháb, leis an mbuachaill atá sí chun a chrá
Duine gan dóchas, ach ní raibh aon leigheas agamsa ar an scéal
Is cuma liomsa faoin eacnamaíocht
Is cuma liomsa faoin réalteolaíocht
Ach cuireann sé isteach orm an dream is ionúin liom bheith ’na bpuipéad
Tá traein mhall, tá traein mhall ag teacht chugainn gan mhoill.


SLOW TRAIN


Sometimes I feel so low-down and disgusted
Can’t help but wonder what’s happenin’ to my companions
Are they lost or are they found
Have they counted the cost it’ll take to bring down
All their earthly principles they’re gonna have to abandon?
There’s a slow, slow train comin’ up around the bend

I had a woman down in Alabama
She was a backwoods girl, but she sure was realistic
She said, “Boy, without a doubt
Have to quit your mess and straighten out
You could die down here, be just another accident statistic”
There’s a slow, slow train comin’ up around the bend

All that foreign oil controlling American soil
Look around you, it’s just bound to make you embarrassed
Sheiks walkin’ around like kings
Wearing fancy jewels and nose rings
Deciding America’s future from Amsterdam and to Paris
And there’s a slow, slow train comin’ up around the bend

Man’s ego is inflated, his laws are outdated, they don’t apply no more
You can’t rely no more to be standin’ around waitin'
In the home of the brave
Jefferson turnin’ over in his grave
Fools glorifying themselves, trying to manipulate Satan
And there’s a slow, slow train comin’ up around the bend

Big-time negotiators, false healers and woman haters
Masters of the bluff and masters of the proposition
But the enemy I see
Wears a cloak of decency
All nonbelievers and men stealers talkin’ in the name of religion
And there’s a slow, slow train comin’ up around the bend

People starving and thirsting, grain elevators are bursting
Oh, you know it costs more to store the food than it do to give it
They say lose your inhibitions
Follow your own ambitions
They talk about a life of brotherly love show me someone who knows how to live it
There’s a slow, slow train comin’ up around the bend

Well, my baby went to Illinois with some bad-talkin’ boy she could destroy
A real suicide case, but there was nothin’ I could do to stop it
I don’t care about economy
I don’t care about astronomy
But it sure do bother me to see my loved ones turning into puppets
There’s a slow, slow train comin’ up around the bend